Tomeki

Tuatha dé danann

Tuatha dé danann

seilbh inse fódla

By Diarmuid Johnson,Caomhán Ó Scolaí,Leabhar Breac (Firm),Clódóirí Lurgan (Firm)

0 (0 Ratings)
0 Want to read0 Currently reading0 Have read

Publish Date

2018

Publisher

Leabhar Breac

Language

gle

Pages

118

Description:

"Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndéithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn. Mar a rinne Chrétien de Troyes agus Marie de France nuair a chuir siad an Artúraíocht i gcóir, is in 'Tuatha Dé Danann' atá fianaise agus foilsiú ar 'la matière d'Irelande' agus lèargas ar na himeachtaí móra ba thús don tír agus don teanga a labhraímid féin. Athinsint bhríomhar atá sa leabhar seo ar scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann." "Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua -- sin é atá i scéal na n'eachtraí a bhfuil insint agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil sea. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, céard a bhí sa tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne? Is as na seanleabhair léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ceisteanna faoi ghnéithe den réamhstair atá faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inis Fódla."